Tógadh thall in Meiriceá é agus tugadh anall an oileáin é. Ó sin tháinig sé go Machaire Rabhartaigh chun na scoile, bhí scoil úr ann nach raibh foscailte ach seachtain nó coicís nuair a tháinig seisean amach ón oileán, cur síos ar an scoil. Bhí sean scoil acu roimhe sin le seomra amháin. Bhí fear agus a nia as Machaire Rabhartaigh agus bhí beithíoch agus carr acu. Bhí siad ag tarraingt suas ar áit ar a dtugtaí Poll an Raithnigh, míle ón scoil. Bhí siad ag tarraingt anuas clocha.
TÁ BRISEADH SA TÉIP ANSEO, TÁ PÍOSA MEASARTHA DEN SCÉAL CAILLTE.
Ag déanamh oibre do chonraitheoir a bhí siad ach sa deireadh thiar thall, ní bhfuair siad airgead ar bith. | 00:02:50 | |